Gaelscoil Uí Earcáin (2005 - Inniu)
Ar dtús.....
Bhí Gaelscoil Uí Earcáin suite ar dtús in oirthear Fhionnghlais i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Ainmníodh do Phádraig Ó hEarcáin (1944-2004), iar-bhunaitheoir Scoil an tSeachtar Laoch, i mBaile Munna san seachtóidí í. Bunaíodh an scoil ins an bhliain 2005 ach thosaigh gníomh ar an tionscnamh i ndáiríre i mí an Mheitheamh 2004.. Ag an am sin agus suas go dtí tús na bliana 2005 bhí príomhoide bunscoile lán ghaelaí i gCabrach, Seán Ó Donghaile, i gcuideachta le Mairéad Ní Dhomhnaill, áitritheoir sa cheantar, is a fear, John, Tina agus Declan Crone agus roinnt daoine eile gnóthach ag scaipeadh an scéil is ag lorg tuismitheoirí a mbeadh suim acu a bpáistí a chur ar an ngaelscoil nua.

An Suíomh
Bunaíodh naíonra nua i mí Eanáir na bliana 2005 agus bhí siad lonnaithe i bhfoirgneamh “West Finglas Tenants' Association” (WFTA) agus is as sin a tháinig na páistí a thosaigh ar an 12ú Meán Fómhair 2005. Is ansin a bhí an scoil lonnaithe go dtí lár mí Lúnasa 2008.