Bhí sneachta ar an talamh, bhí réalta mór sa spéir.
Bhí aingil Dé ag canadh go raibh Íosa sa mháinséar.
Bhí na haoirí ar na sléibhte nuair a chuala siad an scéal.
Tháinig na trí ríthe le hór, túis agus miorr.
Fadó, fadó i mBeithil, i stábla dorcha lom,
rugadh an leanbh Íosa.An Nollaig a bhí ann.
Muire agus Íosaf, asal agus bó.
Ríthe agus aoirí ann chun ómós a thabhairt dó.