Táimid ag scríobh chugat le tacaíocht do theaghlaigh a lorg do LÁ MÓR NA GAEILGE a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014 ag tosú ag 14.00 ó Chearnóg Parnell. Is éard a bheidh i gceist leis an lá ná mór-léiriú tacaíochta don Ghaeilge le cur ina luí ar an Rialtas, thuaidh agus theas, gur gá cothrom na Féinne a thabhairt don teanga agus dá lucht labhartha. Beidh craic agus spraoi ag baint leis an lá freisin, le ceol ó bhannaí ceoil ar nós Seo Linn, péinteáil aghaidheanna, amhránaíocht, srl. Tá sé mar sprioc ag an lá brú a chur ar na Rialtais an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an nGaeilge don tír a aithint, móide aitheantas a thabhairt don fhíric go bhfuil tacaíocht ag móramh mór den phobal don teanga. Tá sé de dhualgas orthu ar bhonn ionadaíochta agus morálta, mar sin, a chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne agus deis labhartha ag gach saoránach gur mian leis / léi í a úsáid leis an státchóras. Go deimhin, má aithnítear an Ghaeilge mar scil bhreise gur fiú a bheith ag cuid de na daoine a fhostaítear sa státchóras amach anseo, beidh spreagadh breise ann do dhaoine óga agus iad ag foghlaim na Gaeilge ar scoil, ag úsáid na Gaeilge sa bhaile nó le cairde, srl. Bheimis an-bhuíoch díot dá bhfeadfadh do theaghlach tacú le LÁ MÓR NA GAEILGE trí fhreastal ar an lá agus trí labhairt le tuismitheoirí eile faoin lá freisin más féidir. Tá an iliomad beartas gur fiú tabhairt fúthu leis an teanga a láidriú sa tír. Creidimid go gcabhróidh LÁ MÓR NA GAEILGE linn dul i bhfeidhm ar na Rialtais agus tús a chur leis na beartais sin a bhaint amach. Bígí linn ar an lá. Táimid ag súil le slua mór agus chuirfeadh do chúnamh go mór le rath na hócáide. Is féidir aon eolas breise a lorg ag [email protected] nó glaoigh ar Julian ar +353 1 4757401 / +353 86 8142757. Ní neart go cur le chéile, | We are writing to you seeking your family’s support for LÁ MÓR NA GAEILGE that will take place in Dublin on the 15th of February 2014 starting at 14.00 at Parnell Square. This day will show the Governments, north and south, that the Irish anguage has huge support and impress on them that they must ensure fairness for the language and its speakers. This event will be fun too, with bands such as Seo Linn, face-painting for kids, singing, etc. The aim of the day is to put pressure the governments to acknowledge the importance and value of the language and in addition, to recognise that the majority of the community support the anguage. Therefore, the governments have a moral and representative obligation to ensure that every citizen has an opportunity to use their language with the state, if they so wish. Indeed, if Irish is recognised as a desirable skill for some of those employed by the state in the future, there will be an extra encouragement for young people while learning Irish at school, or using their Irish at home or amongst friends, etc. We would greatly appreciate if your family could support the day by attending the LÁ MÓR NA GAEILGE and by spreading the word to other parents about the day, if possible. There are many policies that are worth undertaking to strengthen the language’s position in the country. We believe that the LÁ MÓR NA GAEILGE will help influence the governments to begin to take action on these policies. Do join us on the day. We’re expecting a big crowd and your presence will help make this event a success. Further information about the day is vailable from Julian at [email protected] or +353 1 4757401 / +353 86 8142757. |
A thuismitheoir / caomhnóir, a chara,
0 Comments
Your comment will be posted after it is approved.
Leave a Reply. |
ÚdarGaelscoil Uí Earcáin Cartlann
September 2020
Earnáil
All
|